Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 008
- XML “Caoineadh”
- XML “Caoineadh”
- XML “Seanfhocal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caoine[adh]
1/ Ministir a fuair bás agus thug a inghean bean chaointe chun a’ tighe chun é [a] chaoineadh agus seo mar a chaoin sí é:-
“Mo ghrádh is mo thaithneamh tu.
Do dhá shúil ar leathadh agat,
Féasóg fada liath ar do ghiall,
Do ghlúine craptha suas id’ chliabh,
Do chorp is t’ anam den diabhal,
Ní fheaca do leithéid riamh.” - 2/ Bean a[g] déanamh caoineadh do leanbh ministé[a]ra:-
“Mo ghraidhin mo mhinistir, thug dhom dhá p[h]inginn i dtaobh a leinbh a chaoinead,
Ach aicíd an leinbh sin ar a[n] gcuid eile aca, siar go heirball tímpeall.”Fuaireas ó Mháire Ní Dhrisceoil, Comalán (1 agus 2). Aos 50 bliadhna. - 1/ “Seacht scadáin béile don bhradán,
Seacht mbradaín béile don mhuic mhara,
Seacht muca mara béile don mhíol mhór.”
2/ “An té na hólann ach uisge, ní bionn sé ar meisge.”
3/ “Treabhadh doimhin nuair a bheidh daoine eile ‘na gcodladh agus beidh arbhar agat le díol agus le coimeád.”- Bailitheoir
- Proinseas de Búrca
- Inscne
- Fireann