Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 013
- XML “Drom an Uair agus Tógáil na nDaoine”
- XML “Scéal Eile mar gheall Orthu”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí beirt bacac i gCléire fadó. Tadhg Mór ÓSíothcháin a bhí mar ainm ar duine aca. Do bhí duine aca ag gabháil le Dream an Uair ó Chiarraighe agus Tadhg Mór ag gabháil le Dream an Uair ó Chorcaig.
Do chuaidh an bacach Tadhg Mór abhaile chuig a mhuintir tráthnóna agus dubhairt leó, “Anocht ar an gcnocán sin thall,” ar seisean, “a throidfear an troid is mó dár troideadh riamh i gCléire. Má bhuadhann mo thaobh-sa, beidh dhá chos agam-sa amáireach, agus gan aon chos ar an duine eile.” "Go deimhin, a Thaidhg,” ar sa athair, "ní fhágfaidh tusa an áit seo anocht.”
Idir a athair agus a mháthair a chodail sé an oidhche sin. Ach nuair a dhúisigheadar ar maidin bhí Tadhg imthighthe. Ghabhadar amach agus chonnacadar Tadhg ar an gcnocán gan briseadh ná brúghadh air ach é slán folláin agus dhá chois air ag rinnce. Roimhis sin glaodhtaí “Cnocán an Tobair” air, ach ó shoin i leith glaodhtar “An Iomaire Ruadh” ar an gcnocán san.