Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is minic a théigheadh na fir ag iasgach ar Ceann Róin atá laistiar den tSeanaChaisleán, fadó shoin. Lá dá raibh seisear nó mór-sheisear des na fearaibh ag dul ag iasgach do thárla go raibh fear leath-chaoch in diaidh na coda eile agus é ag iarraidh an bheart do bhaint amach. Ag gabháil tar an caisleán do thug sé fé ndeara ós a chionn fear óg agus a cheann amach fuinneog an Chaisleáin. D’fhéach sé roimhe arís ag féuchaint an t-slighe agus cad a bheadh ar an gcasán roimhis ná maide breagh agus ceann óir air. Thóg sé chuige é. Ní fheaca aoinne des na fearaibh eile an fear san.
Chuaidh an fear a bhí leath-chaoch abhaile agus an bata siúbhail ceann órdha aige 'na láimh. Chuaidh an ráfla tímcheall. Chualaidh an Sagart é. Tháinig sé chun an fhir agus bhain sé an bata dhe. Ní cualathas trácht riamh ó shoin ar an maide sin bíodh gur gearr ó shoin a thárla an gníomh san.- Bailitheoir
- Mairéad Ní Shíothcháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios Ó Móine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Lios Ó Móine, Co. Chorcaí
- Bhí máirnealach ann fadó agus lá amháin tháinig sé ar dtír. Chuaidh sé isteach tríd an sráid agus casadh séipéal Catoilicí air agus dubhairt sé leis féin gur mhaith an gnó dhe dul chun Faoisdine mar gur dócha go raibh sé fiche bliadhain ó bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)