Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Piseoga agus Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    3) Ba ceart lámh an duine bheadh ag fághail bhais a chur ar an aibíd agus ba cheart leis an láimh a chur ar an gcoinneall beannaithe. Gabhthaí tímpal an chuirp nú tímpal an duine díreach roimh báis le pláta go mbíodh naoi bpíosaí de coinnil céireach ar lasadh air:

    * * *

    4) Fadó nach aon mhaidin Lae Bealtaine théigeadh cailíní óga amach agus bheiridís isteach leo drúichtín agus chuiridís ar phláta é go mbíodh plúr leathta aca air. Nuair a gluaisíodh an drúichtín do scríobhadh sé ainm an té a phosfadh an cailín.

    * * *

    5) Oidhche San Sheáin nuair a bheadh na teintí ag dul éag do tiomáintí na ba trid an dteine. Beirtí na fóid dearga as an dteine cnámh Oidhche San Sheáin agus caithte isteach i ngarraidhe na bprataí iad.

    * * *

    6) An lámh mharbh bheadh buadh cun gadíochta ag an té go mbíodh sí aige.

    * * *

    8) Fuil chait dubh nú fuil bhreathnaig bhíodh leigheas don Ruadh innte nú don teine Dhia.

    * * *

    9) Leanbh na feacaidh a athair riamh deirtear go bhfuil leigheas don craosghalar aige. A anál agus é 'na troscadh a chur naoí maidneacha in diaidh a chéile 'na bhéal.

    * * *

    10) Bhíodh fáine gan iarraidh(?) mar leigheas ar dathacha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    2. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seósamh Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí