Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 066
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Do bhí fear ann fadó agus do chuaidh sé amach oidhche ag féucaint ar na ba. Do bhí sé ag gábhail tré pháirc ar taobh an bóthair is do connaich sé sé cinn déug so capallaibh agus fear ag marcaigeacht ar gach aon ceann achu. Nuaira tánadat chómh fada leis do séidheadar a hata dá cheann. Do bí (ceann) capall spáraite achu na raibh aoinne ag marchaigeacht air is dho cuireadar anáirde ar an gcapall é is níor stadadar riamh na coidche do dtí go ndeigheadar go "Quay Puirtlairghe. An fear a bhí ar an céad capall dubairt sé glan anonn go Dover. D'imtigeadar nach aon ceann aca treasna agus ins an aer a bíodhar ag gluaiseacht. Nuair a sroiseadar Dover do tánadar anuas ag doras thig thabairne. Dunairt an máigistir a bhí orta cuir díb isteach tré poll i glais. Do bí sé cinn deúg [?] do hataí aige agus do tug sé ceann do gach aon fear sar a ndeigeadar isteach agus dubairt sé leo gan iadh do cailleamaint mar do bí draoideacht ionta agus dá gcaillfidís iad go n'imteóch an draoideacht uatha agus do bearfaí orta. Do tosnuigeadar ag ól istig sa tig tabairne agus muinntir a tíge na gcodladh. Nuair a bí a dóithinólta achu do tuit i codladh ar an fear a tugadar leo as an páirc. Dubairt an máighistir leo annsan cuir díb amach tré poll i glais do bhí gach aoinne amuig annsan airís ach an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnocán an Choimhthigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Gleann Iarthach, Co. Chorcaí