Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 085
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart i gCléire uair amháin, agus cuaidh duine éigin ó Lios-na-Móna ag glaodhach ar chun Ola-dhéanach a chuir ar duine éigin a bhí breoídthe. Cuaidh an sagart go dtí an tig, agus do cuir sé an Ola-dhéanach ar an duine a bhí breóidthe. Nuair a bhí sé ag fágáilt an tíghe, dubhairt fhear a' tíghe go ragadh sé píosa le na cois mar go raibh sé ana dhorcha.Nuair a thánadar píosa don bhóthar dúbhairt an sagart leis an fear imtheacht abhaile agus níor imthig. Dubhairt sé go ragadh sé giota beag eile. Cuaidh sé giota eile don bhóthar, agus annsan cuir an sagart an fear abhaile dá aimdheóin, agus d'imthig an sagart abhaile é féin. Nuair a cuaidh sé píosa don bhóthar do bhuail rud éigin dearg 'na choinnibh. D'fhan an fear ag feachaint ina dhiaidh ar feadh tamaill, agus nuair a théigeadh sé céim chun cínn do ragadh sé seacht céim cun deirg. Bhí sé mar sin ar feadh abhfad agus ní fheadfhadh sé dul abhaile.Fé dheire tháinig deire leis agus cuaidh an sagart abhaile. Nuair a casadh an fear ar amáireach dúbhairt sé leis gur fhan sé ag feachaint ar féin aréir. Dubhairt sé leis gur maith dho go raibh sé féin roimhis aréir mar do marbhóchfaí é.Bhailig: Proinséas De Búrca, Trá Chíaráin
Fuaireas ó: Séamas Ó Drisceóil, Cumolán Theas- Bailitheoir
- Proinéas de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí