Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 086
- XML “Seanfhocail”
- XML “Scéal”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) Glach nuair a geóbhair, agus muna ndíarfar ní bhfaighir.(2) Ní mar a thíltear bítear.
- Bhí bean ann fadó, agus bhí sí damanta. Do bhíodh sí ag cur sgannradh ar ngach aoinne a thagadh na threó. Bíodh an sagart ag faire uirthi i gcómhnuidhe chun fiafhraidhe di, dé'n cúis ina mbíodh sí ag cuir sgannradh ar ngach aoinne. Pé sgéal é aon oidhche amháin do bhuail se léi. D'iarr sé di dé'n cúis ina raibh sé mar sin. Dubhairt an sagart léi go gcuirfhedh sé go Carraig Aonair í. Dubhairt sí leis á gcuirfheadh ná leogfhadh sí aon árthach tháirse gan í bhágh. Dubhairt sé léi go gcuirfheadh sé féin i mball í ná feadfhadh sí aon díobháil a dhéanamh. Deirtear gur chuir an sagart go dtí an Muir Dearg í, nú áit éigin ina dhiaidh sin.Bhailig: Proinséas De Búrca, Trá Cíaráin
Fuaireas ó: Dómhnall Ó Céadagáin, Coinlín- Bailitheoir
- Proinséas de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Céadagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Coinlín, Co. Chorcaí
- (1) Fothrom cóistí, agus pócaí follamha(2) Ná clois a gcloisfir, is ná feich a bhfeicfear(leanann ar an chéad leathanach eile)