Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 109
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
- XML “Tomhais”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfeachaid sí daoine ag teacht isteach ó'n ndúthaig amuig go Cuas a' Bháid dhá chuardach, acht níor bhfuaireadhar é, acht do bheadh sé ann i ngan fhios dóibh san. B'éidir ná'r chuarduigheadhar an áit i gceart.Bhailig: Máire Ní Drisceóil, Cumolán Thuaidh
Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil - Ceist: Do chuaidh an cúinas fé'n suaimhneas agus do tug sé an glóire mhór ina thóin leis.Freagra: Cath a chuaid fé'n leabhaid agus teine ina eirbheall.
Fear a bhí ar lóisdín i dtig ósta uair amháin, agus nuair d'éirigh sé ar maidin, d'iaraidh fear a 'tighe do connus a codail sé an oidhche. Sé adubhairt sé:-
C. Do bhí eitileach gan eirbheall fé'n súsa agus ba cimineach mar bheireadh sé ar gach aon chnámh liom sa, acht deirimh se leath dá mbeireann se air um dhorn dúnta, go mbeadh deire lena chuid eitilig go Lá an Chúntais.F. DarnataBhailig: Máire Ní Drisceóil, Cumolán Thuaidh
Fuaireas ó: Thómas Ó Síothcháin, Cumolán- Bailitheoir
- Máire Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tómas Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí
- Timcheall le deich mbliadhna is dachad ó shoin, do bhí aonach i mBeal an Dhá hAbh lá agus bhí fear cleas ann. Do bhí fear ar an aonach an lá ceudhna go raibh capall óg aige. Ní raibh an capall bristhe isteach chun oibhre fós agus bhí sceóin ann. Do thóg sé ceann lena mháigistir agus d'imthig sé ar buille. Do choinnibh an fear ceann an chapaill acht bhí an capall ró láidhir do agus do leag sé ar an stráid é agus do rínnch sí ina chorp, agus slán mar 'innisthear é do mhairbh sé é. Do bhí fear ó Chléire istig i dtig tábhairne(leanann ar an chéad leathanach eile)