Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 113
- XML “Scéal”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuaireas ó Séamas Ó Drisceóil, Cumolán Theas, Inis Cléire (21 bl.)
- Fadó thagadh ana cuid tinncéirí isteach go dtí an Oileán seo ag díol rudaí. Bhí aon fear amháin ó'n Sgiobairín agus do thagadh sé isteach go h-ana mhinic. Sé an ainm a bhí ar ná, Seán Ó'hÉigeartaigh. Do bhíodh sé ag díol bucaidí agus oighealláin, agus ngach aon nídh mar sin. An uair a bhí sé ag teacht isteach go Cléire do bhí ana cuid airgead á dheanamh ag muinntear an oileán , agus uime sin do ceannóchaidís alán rudaí uaidh. Bhí sé ana áiseach leis, mar do dhéanach sé ngach aon saghas rud do ceartú cuir i gcás, ciotail, bucaidí, corcáin, agus alan rudaí eile mar sin. Na rudaí a cháitheadh na daoine uatha, do thógadh sé sin iad, agus do dhéanach sé iad do ceartú, agus do dhíolach sé iad aírís ar leath praghas, agus do dhéanach sé ana cuid airgead mar sin.Proinséás De Búrca,
Trá Cíaráin
Inis Cléireó Padraig De Búrca (52 bl.)- Bailitheoir
- Proinséas de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Trá Chiaráin, Co. Chorcaí