Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 114](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0295%2FCBES_0295_114.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 114
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 114
- XML “Conchúbharach Éireamhon”
- XML “Seanfhocail”
- XML “Scéal - Taibhreamh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí riamh i gCléire. Bhí sé hocht troighthe go leith ar aoirdhe agus an uaigh go bhfuil sé curtha ann, ta sí naoi dtroighthe ar fhaidh. Deirthear go raibh sé chómh láidir sin gur thug sé bád beag ar a dhromh leis. Seo mar a bhí an sgéal. Oidhche amháin sa Geimreadh san aimsir sin, d'eirigh stirmh mór, ná raibh púinn dá leitéidh ó soin ann. A lár na hoidhche do dúisigh athair Concúbharach Éireamhon agus nuair a chualaidh sé an tóirneach agus an bháisteach amuigh, do chuimhnig sé ar a bhádh a bhí tarrainghthe suas a licín agus dubhairt sé leis féin gurab olch an oidhche a bheadh aichi anocht agus an anaithe ag dul ar an mbán. Dubhairt sé gur dócha go mbeadh sí imtighthe ar fadh ar maidin. Do glaodhaidh sé ar a mach annsan, feuchaint ar chuaid sé fé déin a' bháidh. "A Concúbhair," ar seisean, "ar chuadhais fé déin an bháid ó soin". "Do chuadhas," arsa Concúbharach, "Tá sí amuigh ag ceann an tige annsan agat."Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolan Thuaidh
Bhailig: Máire Ní Drisceóil, Cumolán Tuaidh - Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Do bhí fear i gCléire fadó, agus sé an ainmh a bhí air ná Tadhg Shéumhais Chormaich. Do bhí sé ag obhair thall sa Bhreathain Bheag agus bhí sé chuedh fear ag obhair ina theanntha. Ba gnáth leó go léir i ndinneár a tabhairt leó gach aon mhaidin agus do geibhidís uair a chloig chun é chaitheamh i lár a laé. Do théigheadh cuidh aca ag ól tobach, agus cuidh eile aca ag(leanann ar an chéad leathanach eile)