Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 161
- XML “Bia na Seanaimsire”
- XML “Na Fianna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do chuiridís síos corcán prátaí agus saucepan bainne agus sin é an breacfhast a bhíodh aca. Prátaí agus bainne a bhíodh aca airís igcóir an dinéir agus mbéidir píosa éisg róstaidhthe nó salann. Ní ithidís a thuille annsan ar feadh an lae. Do bhí trí fichid síbínn igCléire an uair sin. Daoine dob eadh na síbíní a bhíodh ag díol whiskey. Nuair a bhíodh na daoine ag obair sa pháirch do thagadh na síbíní cúghtha agus do cheannuighidís an whiskey uatha ar phingin a' gloinne. Do mháoluighedh san an tart a bhíodh ortha. Do thógaidís saoithí whiskey i reac an uair nó leis. Do ólaidís sáiste cnuic agus deocanna eile a deintí as na luibheanna a fhásann ar an gcnoc agus ar an dtalamh.
Cáit Ní Drisceóil
Cumolán
Inis Cléireó Thomá Ó'Síothcháin, (75bl.)
Cumolan - Tá oileán las-muich de Chuan Dhún na Seadh agus sé an ainm atá air na Oileán Gúalainn. Tá leabaidh gearrtha isteach i gcarraig ann agus deirtear gur ann a chodail Diarmuid nuair a theith sé féin agus Gráinne ó Fhionn Mach Cúmhail. Tá faighil ar an dtaobh thiar de Oileán Cléire ar a nglaodtar Faighil Dhíarmuda. Deirtear gur ar bhárr na faighle seo ata Diarmuid curtha. Tá uaig fhada i bpáirch i nGort(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ni Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Ciarán Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí