Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- An Dúinín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 107
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall dathad bliain o shoin do chómhnuig fear i dtig i bhfeirm mo shean-áthar i bhFathúra. Fear oibre ab'eadh an fear agus b'é an ainm a bhí ar ná Sean Ó h-Aodha. Do chómnuig sé le a mhnaoí agus a chlann i dtigh dá sheomra.
Aon lá amháin do chuaidh Bean Uí h-Aodha go dtí tig mo shean-athar agus d'fhag sí an doras ar oscailt, in a díaidh. Tar éis tamaill do chuaidh cráin-muiche mo shean-athar isteach. Do bhí tímcheall dhá cloich phúr i mála ar an racha. Do strac sí an mála agus do scaip sí an plúr go léír amach ar an úrlár. Annsan do chuaidh sí isteach ins an seomra chodlata agus d'aimsig sí bosca ubh ar chúl an dorais. D'ith sí na h-uibhe go leir agus an fhaid is a bhí sí ag déanamh an díoghbhála seo do dúnadh an doras in a díaidh
Nuair do bhí na h-uibhe go léir ithte aichi do chuaidh sí isteach ins an leabaidh agus do luig sé ann. Nuair do tháinig Bean Uí h-Aodha abhaile do chonnaic sí an díoghbháil a bhí déanta.Tar éis tamaill d'oscail sí doras an t-seomra codladta agus do chonnaic sí an mhuc istig ins an leabaidh. Nuair do chonnaic an mhuc an bhean do táinig sceón uirthí agus do phreabh sí in aon léim amach tríd an bhfhuinneóg, tré, gloine agus uile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bán Íseal, Co. Chorcaí