Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- An Dúinín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 117
- XML “Díonadóireacht”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leigtear do'n tuige, síneadh amach thar bhárr an fhaille.
An sceimheal a tugtar uirthí sin, agus ins na sean-tighthe bionn sí troig amach thar an bhfalla - Timcheall na h-áite seo, is in amisir na h-Inide is mó a póstar daoine. Deireann na daoine go mí-rathmhar é, bheith pósta ar an Luan, ar an Aoine ná ar an dtríomhadh lá déag d'aon mhí, ná i mí Aibreáin nó Bealtaine. Is maith leis na daoine pósadh do dheanamh i mí Meitimh.
Bhí sé mar nós ag na daoine súas le cúpla bliain ó shoin "LIOSTA NA SGEILIGE" do scríobh síos agus é do chur go dtí na daoine ion-phósta. Na h-áiltreoirí go mór-mhór a scríobhadh é agus úaireannta cuireadh é in áit puiblí i dtreo is go bhfeiceadh gach aoinne é. Ins an Liosta Sgeilige bhíodh amhráin mhóra scríobhta síos agus ainmneacha na ndaoine ann. Níl an nós sin againn anois dar ndóig.(leanann ar an chéad leathanach eile)