Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- An Dúinín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 120
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuirimíd prátaí gach bliain mar biadh maith sláinteamhail is ead íad do dhaoine. M'athair a h-ullmhuíonn an talam in a gcóir agus obair dhian is eadh í. Cuireann sé aoileach feirme agus feaman ar an dtalamh cun barra maith a bheith ann.
Is in iomairíbh a chuireann m'athair na prátaí mar deireann sé go mbíonn síad níos thrime. Is mar seo a dheineann m'athair na h-iomairí. Ar dtúis bíonn céacht aige agus iompuigheann sé aon fóid amháin, agus treabhann sé fód eile i gcoinnibh an chéad fóid. Treabann se go dtí go mbíonn sé fóid treabhtha aige. Annsan bíonn an iomra déanta.
Ní chuimhin le m'athair na le 'm' mháthair gur úsáideadh chéachtaí adhmaid ríamh.
Na prátaí ná bfuil ró-mhór is ná ró-bheag is eadh is fearr mar prátaí síl, mar ní bhíonns íad lobhtha in a láir ar nós na prátaí móra.
Mo mháthair a ghéarrann na sciolláin agus seo mar a deineann sí an obair. Bíonn scian mhór ghéar aici agus sáthann sí an scian tríd an bpráta. Annsan gearrann sí súil amháin amach as agus an fuighleac a bhíonn fágtha cuireann sí i mbuicéad é le píosaí eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siulleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Chatháin, Co. Chorcaí