Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- An Dúinín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 121
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus beirbhíonn sí i gcóir na muc iad.
Uaireannta cabhruigheann na comharsain le na chéile núair a bhíonn siad déanach le chur na bprátaí.
Sprayáileann m'athair na prátaí dhá úaire i dtreó is ná tiocfaidh an "dubh" ortha.
Baineann na daoine na prátaí annso i nDeire Fómhair agus annsan cuireann siad iad i dtaisce i bpoll mór ins an dtalamh. Úaireannta núair a coimeádtar íad i gcóir síol-prátaí, cuirtear íad i lochta.
Deintear na puill prátaí mar seo. Ar dtúis deintear poll fada éadoimhin san dtalamh le rámhainn agus cuirtear na prátaí maithe ann annsan, agus cuirtear clúdac tuighe ar a bhárr.
Fágtar na prátaí ins na puill ar feadh trí mí.
Fásann mórán saghasanna prátaí ins an áit seo, acht is íad na "Kerr's Pink" an sórt is feárr.
Nuair itheann na daoine an chéad béile de phrátaí nua, deireann siad, "Go mairimíd go léir beó ar an am so arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siulleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Chatháin, Co. Chorcaí