Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 062
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Áit eigin le hais baile Caislean-Bhéara do chómhnuig fear...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    do chuid bídh duit. Chuireadh sí paisde id bhríste agus cnaipe id léine agus bheadh a leithéid an-aiseach tímcheall an tíghe. "Nár thugaidh Dia tairbhfe mo gnótha dom" arsa Concubhar. "ag tabhairt cheann acu súd anuas liom [?] gurb é angnó ó mhaidean go h oidhche ag greadadh leacracha na sráide. Ariu nách deas dfheacfhadh sí ag siubhal sa mhúnlaig agus bualighe go glúinibh uirrí." "Is greannmhar an fear thu" arsa an tríomhadh buachaill "ná tógann laethanta saoire dhuit féin uair no dhó gach mbliadhain. Feach ar muinntir Baile-caislean-Bheara. Níl siopadóir ann ná caitheann seactmhain nó coicthígheas no trí seactmhaine i gCorgaig, nó i gCill-Airne nó i -Eochaill no áit éigin mar sin.
    Dá mbeadh do chuid airgid-se acu is dócha ná fíllidís abhaile go deó. Fágthair-se do chuid airgid id dhiaidh ag dhuine éigin a chaithfidh é agus ar nós airgid na caillighe beithfear a mún cois fallaí". "Iad súd a théidheann go Corcaig agus go Cíll-áirne" arsa Concubhar "daoine is eadh iad go bhfuil eólas agus tabhairt suas orra agus ní daoine iad ar nós mo leithéid-se - fear nár rug ar sgian ná forc na láimh riamh." "Ó" ar siad "má théighir go dtí an Róimh feadfhair bheith id Románach leó." Nuair sgar na buacaillí leis an oidhche sin dhein sé mactnamh ar féin ar feadh tamaill maith. "Is greannmhar an fear mise gan dabhht" ar seisean leis féin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge