Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 148
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“D'airigheas m'athair ghá rádh gur bhuail bean siubhail isteach chúca tráthnóna...”
(ar lean ón leathanach roimhe)"síofra na pálach" agus a cluas leis an bpoll san aice. Chuaidh duine aca amach agus má dhein do chonnaic sé an bhean amuigh agus i ar a corra giobh, a cluas leis an bpoll aice agus í ag éisteact. D'iarr í ar mo seana-mháthair cíor do thabhairt di chun a ceann do chíoradh. Fuair sí é acht bhí ag teip uirri a chuid gruaige do réidhteach.
Rug mo seana-mháthair ar an gciór uaithe agus dubhairt sí go ndéanfhadh sí féin é réidhtach di act is beag nár thuit sí i laige nuair do chonnaic sí an ceann do bhí uirri. Bhí a céann go léir geárrtha agus an fhuil reóidte ar gach ribe gruaige dá raibh uirri.
"Cad d'imthig ar do ceann? arsa mo shean-mháthair léi. "Ní bhíonn aon sluagh ná bhíonn "droch-brainnse" orra agus nuair a thosnuigheann aon bheirt aca ar a chéile istoidhche is mise chaitheann iad do chur ó chéile agus is minic gurbh é mo cheann bhocht a dhíolann as" ar sise. Dubhairt sí gur bhfurus d'éinne fhios a bheith aige cá mbíodh cath no troid ag na daoine maithe mar dá bhfeiceadh duine carn beag glóthaighe ar sean-chasán, nó póirse, nó sean-bhóthar i bhfad ó aon lochán gurbh i sin an fhuil(leanann ar an chéad leathanach eile)