School: Carraig an Ime (roll number 4457)
- Location:
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Luasa
![The Schools’ Collection, Volume 0327, Page 012](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0327%2FCBES_0327_012.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0327, Page 012
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tigh tabhairne agus dól sé cúpla gloinne d'uisge beatha. Thosnuig sé láireach ball ag amhránuiocht agus ar a slighe do ag dul abhaile bhí sé ag tuitim ó thaobh taobh den bóthar. An fhaid is a bhí sé amuigh bhí an císte dóighte agus bhí písíní den oighean ar an bórd is ar an úrlár. Tháinig Tadhg abhaile agus ní raibh fhios aige taréis tuitim amach ach nuair a tháinig Seán ní raibh sé abfad a teasbeáint dó. Bhí Seán ag amhránuiocht ar feadh na h-oidhche go léir. Bíonn sé ag amhránuiocht is ag feaduíol igcómhnuidhe mar tá sé beagáinín as a mheabhair. Ní dheineann sé aon rud ach imtheacht ó thigh go tig ag bailiú sgealta agus bhíonn sé ag innsint do gach duine mar gheal ar conus a thárla don ciste milis. Bíonn sé ag caint leis an gcat nó leis féin igcómhnuidhe beag nách. Duine ana aerach iseadh é agus tá mórán sgeal agam air agus innseochad iad uair éigin eile.
- Collector
- Seán Ó Luasaigh
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Informant
- Síle Ní Luasaigh
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí