Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)
- Suíomh:
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Luasa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do réir gach dheallraimh, agus gach tuairisc dhá bhfuil againn ó'n nglúin a tháinig rómhainn ní raibh Cluan Droichead riamh gan fir maithe. Ní fulair nó is ar beatadh an bhaill a bhí sé, nó a lan dhe, pé ar dhomhan é. Bhí dúil a gcroidhe i gcómhnuidhe riamh acú, bheith ag imirt liathróide coise, agus tá an dhúil ceadhna ag an dtreibh atá anois féin ann sa cluiche cheadhna. Uair éigin, abhfad ó shin, bhí fuireann acú ag imirt liathróide lé fuireann ó Thuath na Dhroman. Do bhuaidh muinntir Cluan Droichead, agus do rainig do fhile bheith láithreach, duine abeadh é gurbh oth leis nárbh iad muinntir Thuath na Dhroman a bhuaidh. Do theip air bhrughadh fé ar aon chuma, agus nuair a labhair sé, seo mar dubhairt sé - "A uaisle Tuath na Dhroman, do fuarabhair náire, Gurb iad bhodhaighe ocracha Cluana Droichead a bhuaidh an bháire." Do dheallróchadh an sgéal go raibh iarraichtín eigin de crot uaisleachta lé feiscint í bhfuireann(leanann ar an chéad leathanach eile)