Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)
- Suíomh:
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Luasa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig an Ime
- XML Leathanach 046
- XML “Stoirmeacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an ngaoith adhtuidh. Mar sin fhéin, dha [?]gchuireadh an fuacht slagdhan ar dhaoinibh, cadh é an dhoicheall a bheadh ag lucht íche a's bhalsam roimh an ngaoith a sheól sa treo é? Comarta dhroch aimsire is eadh teas a teacht leis an ngaoth adhtuaidh. Eist leis seo -
Teas adhtuaidh nó fuacht aindheas,
Má théidhir ar cuaird bheir leat go [?]
Nó, nior misdhe an leat-rann do casadh mar seo,
Fuacht aindheas nó teas adhtuaidh,
Bheir leat dho bhrat ma théidhir ar cuairt.
Dhá bhrigh sin, ní cheart bheith cómhgarach ach ar an ngaoith agus a bhiotar. Ach mbheadh i dho loghfhadh agus dho bhreanfadh an t'aér tiomchall orainn. Is mo galar agus nim agus cnuim a comháinean sí chun siubhal uainn. Ac mara mbheadh í bheith ag suathadh [?]agus ag glanadh an aéir dhúinn, ar an gchuma go bhfuil sí, ní mairfead dhuine na [?] ar an dthalamh seo ar feadh uair a chluig.
Ach is minich a dheineann an iomadh dhe'n dhutracht. Is minich a(leanann ar an chéad leathanach eile)