Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 118
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ghaedhilg aige. Domhnall an Rótha is ainm do agus seanchuidhe ionghantach iseadh é. Tá seana bhóthar ag rith tríd an mbaile seo a bhí ghá úsáid dhá chéad bliadhain ó shoin ag Muinntir Chiarraighe ag dul go Corcaigh.
Tá cúpla cabhlach tíghe ann ar thaobh an t-seana bhóthair san. Siopadóirí a bhí na gcómhnaidhe ionta. Do bhíseana bhean de mhuinntir Néll na cómhnuidhe i gceann acha san. Dhíoladh sí tobac agus lasáin agus mion rudaí eile leis na daoine a ghabhadh an treó ó Neidín. Ní raibh aon tómhas aice ach croma ar an bpingin. Lá áirighthe do chuir gabha a bhí i gcómhgar na h-áite fios ar choma tobac. Ba bheag leis an tobac nuair a fuair sé é agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Mhuirighthe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Chuilinn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Conchubhar Ó Muirighthe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Doire an Chuilinn, Co. Chorcaí