Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 122
- XML “Amhrán Scoil Bharr d'Ínse”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- DO bhíomair oidhche ar sgoil Bhárr d'Ínse
Bhíomair go léir 'nár ndá páirtí ann
Bhí púic ar gach aoinne 'gus fonn chun bruighne
Is chídhfeá fuil ar chuid acu indeire na sgríbe
Curfá
Rinn do diúiril éirileam
Rinn do diúiril éirileam
Rinn do diúiril éiril
Liúiril eam didirí eam
II
Conchúbhar Ó Loinghsigh an máistir do bhí againn
'Gus Máire Ní Chúrnáin ceann de mhnáibh Chiarraighe ann
Ón Muilleann do tháinig muinntie Chruadhlaoich ann
Amhlaoibh is Seán is iad ag rádh na n-eachtraí ann
III
Bhí Séamus Ó Donghaile ó Chathair Saidhbhín ann
'Sé ag amhrán go h-árd le bínn-ghuth
Ó'n gCarraig do tháinig Dochtúir Ó Loingisgh
'S Seán Ó Cearbhaill ó'n gCaiseal aníos ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Luasa
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí