Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 179
- XML “Seán Bán Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)neómat mar tá sé ró chaithte". "Airiú a Sheáin," arsa duine desna buachaillíbh, "tá adhbhar bloic curtha amach ag an dtuille thiar san Chúl-Ínse agus tabharfad chúghat aniar amáireach é i dtrucail an asail". "Mhuise go mbuanaidhe Dia thú," arsa Seán, ní raibh riamh a leithéid de ghádh leis agus go deimhin pé broid a bheidh orm socróchad agus cuirfead annsan é i nionad an tseana bhloic." Tháinig an buachaill bhuige go maith moch ar maidin leis an mbloc. Do raob sé féin agus Seán amach an seana bhloc. Thosnuigh Seán ar an mbloc giúise d'ollmhúghadh le na thuaigh acht an chéad buille do bhuail sé air, thug sé fé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Chuilinn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Doire an Chuilinn, Co. Chorcaí