Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí sean duine ann fadó agus do bhí sé ana bhocht. Ní raibh aige ach asal beag amháin. Lá áirighthe chuaidh sé go dtí an bhaile mór ba ghiorra dho. Taréis tamaill do líonadh chuige ualach mór mine agus timcheall meadhon lae thug sé aghaidh ar an mbaile arís.
Bhí ag éirighe leis go maith go dtainig sé go dtí árdán a bhí ar an mbóthar. Do bhí an t-asal lag agus an t-ualach trom. Do theip air an t-ualach do bhreith tar barr leis. Do bhí an sean duine istig i gcúinne na trucaille, leim sé amach agus do sháidh sé leis an asal ach do theip air annsan chómh maith mar do tháinig gearr-análaighe ar an sean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Mhuirighthe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Chuilinn, Co. Chorcaí