Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 245
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí ceannuídhe ann fado agus bhíodh sé ana dhian ar a chuir seirbhísigh agus ní bhídís ró bhuidheach de. Aon lá amháin d'éirig idir é agus duine aca agus do fuair sé an láimh uachtair ar an gCeannuídhe agus do mharbhuígheadh é. Bhí an seirbhíseach ag cuimhneamh ar cad a dhéanfaí leis féin nuair a gheóbhfaí an Ceannuídhe marbh. D'árduig sé leis an corp agus chuir sé é i bpoll portaig in áit iargcúlta i ganfhios (d'aoine) d'éinne. Bhí an seirbhíseach ag cur 'sa chúiteamh agus sé a rith ina aigne fé dheire ná go raibh rud éigin déanta aige as an slíghe. Dúbhairt sé leis féin "Raghad chun faoisdine agus neósfad an peaca agus beidh sé sgartha liom go deo agus ní neósfaidh an sagart d'éinne é." Dhein sé amhlaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Luasa
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Screathan na nGabhann, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Uí Luasa
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 44
- Seoladh
- Screathan na nGabhann, Co. Chorcaí