Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)

Suíomh:
Barr Duínse, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Riórdáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 307

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bárdínse
  2. XML Leathanach 307
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Ná dein aonach Gobnait an Screithin de"
    Bhí sí 'na cómhnaídhe tímceahll dhá mhíle lastoir de Bhaile Mhúirne. Nuair a bhíodh sí chun dul go h-aonach Bhaile Mhúirne do thagadh sí go dtían Screathan an oidhche roimh ré. Isé an chúis a bhíodh aice ar theacht ná gurab' amhlaidh a bhíodh cuideachta uaithe ag dul go dtí an t-aonach chun bheith ag cainnt leó. Deirtear an cainnt seo nuair a bhíonn duine tar éis aistear a chur air féin. Di chuir Gobnait trí mhíle aistear uirthe féin.
    "Ná déanfá é mar a dhéanfadh máthair Sheáin Óig é."
    Do dheineadh sí sin gach aon rud a bheadh le déanamh aice sa cheart. Aoinne a dhéanfadh an rud san éagchóir do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Thuama
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Com Uí Chlúmháin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Mathúin Ó Tuama
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Com Uí Chlúmháin, Co. Chorcaí