Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 171

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 171
  3. XML “An Fear agus na Cártaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fean ann uair agus do bhí sé pósta agus do bhí feirm aige.
    Lá amháin do bhí sé ag dul go dtí an gabha chun cruide nuaidh do chuir ar an capall mar do bhí sé ag dul go dtí an t-aonach an lá na dhiaidh sin agus b'éigin do iad a chuir air.
    Nuair a bhí sé ag gabháil an bóthair do chonnaic sé seana - bhean críona na suidhe síos in-aice an tobar agus do bhí cupán aice agus do bhí sí ag ól an t-uisge agus dubhairt an fear leí go raibh tart air agus dubhairt sí go raibh ana-tart uirthe ar dtúis ach nuair a ól sí braon de'n uisge gur imthigh an tart agus go bféadfhad sí féin braonainín de'n uisge d'ól agus go mbeadh sé go h-ana - mhaith dho agus ansan do chuaidh an fear anonn agus d'ól sé braonín beag de'n uisge agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóirín Ní Shuilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Luasaig
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí