Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill ann fadó agus ní raibh puinn airgid ag a athair ná ag a máthair ná aige féin agus dubhairt a athair leis go caithead sé dul amach ag tuille págh agus isé an rud a bhí aige 'ghá dhéanamh ná ag comáint ba agus 'ghá coimeád istig in aon páirc amháin.
Bhí fathach na aice agus do bhí an buachaill na codhlad agus chuaidh na ba isteach sa coill agus ba leis an fathach an coill. agus tháinig sé chun an buachaill agus dubhairt sé an céad uair eile a thagaidh na ba isteach sa coill go marbhóchadh sé é.
Tá go maith arsan buachailll. Bhí cailín breágh sa tig no raibh an buachaill ag fanamhaint agus bhí féasta chun bheith aca agus bhí an buachaill ana gioblach.(leanann ar an chéad leathanach eile)