Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0474](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0332%2FCBES_0332_0474.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0474
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó tímceall céad bliadhain nách mór is dócha.
Bhí fear na cómhnuidhe I mBéal Átha an Ghaorthaidh, bhí sé ana shaidhbhir agus tug na daoine Connie Saidhbhir.
Bhí sé na bligeárd mór leis agus gach oidhche do raghadh sé amach ag sgoruidheacht gach oidhche.
Do bhíodh stocaí bána air agus é ag imteacht amach agus aoinne a casfadh leis san oidhche do ceapadh sé gur púcha a bheadh ann.
Do thiocfadh sé do phreip ort agus do baineadh sé an croidhe asat.
Dubhairt mórán buachaillí lé na chéile go gcuirfidís eagla ar Conny agus mar seo a dheineadar é.
Do fuaireadar sé sgeanna móra agus an méid ceudna do forcanna breághtha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Iarfhlaithe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Luasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí