Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 260](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0332%2FCBES_0332_260.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 260
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus do bhí cúigear mach aige. Buachaillí ana mhaitha dob'eadh íad go léir ach duine amháin. 'Sé an ainm a bhí air ná Pádruig agus do bhíodh sé i gcómhnuidhe ag ól. Do bhí a athair go cráidhte [?]uaidh agus do dhein sé an t-amhrán seo:-
"A Phádruigín óig cad na thaobh go mbíonn tú ag óil ó maidin go [?]neón
Táim-se ar buille leat mar níl tú ach bliain is ficeadh
Táim-se mo trí ficeadh ó Meithimh a Phádruigín óig an óil.
II
A Phádruigín óig bíonn do mháthair go brónach
Ar eagla go n-imtheóchadh aon nídh ort ar an mbóthar
Ag teacht ó bheith ag óíl duit a Phádruigín óig an óíl.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maire B. Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 11
- Faisnéiseoir
- Nóra bean Uí Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Tonn Láin, Co. Chorcaí