Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear óg sa pharóiste seo fadó agus glaodhtaí Míchín mar ainm air.
Do bhí sé tímpeall h-aon is fichid bliain d'aois, fear láidir anamúil aodhreach a b'eadh é.
Ní bheadh aon mhaitheas air rínnche ná ag imirt cárthaí ná in aon t-saghas spórt muna mbeadh sé ann.
Chaitheadh sé bheith amuigh gach aon oidhche ag t-saghas éigin spórt agus do cídhfheadh sé mórán rudaí ionghantacha go minich agus é ag teacht abhaile na aonar.
Aon oidhche amháin do bhí sé ag teacht abhaile bóthar ana uaigneach agus do bhí sé ana dhéadhnach san oidhche.
Do chasadh ceathrar fear uime agus iad ag iompar cómhrainn.
Do stopadar é agus dubhradar leis é thógaint go dtí an roilig gan tathaint agus é chur.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Bn. Uí Thuama
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 95
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí