Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí buachaill ann uair agus Pádruig ab' ainm do. Ní raibh aon mhuirghean eile ag an athair ná ag an máthair ach é agus peata mór dob'eadh é. Bligeárd ab' eadh é leis. Ní théigheadh sé ar scoil ach go h-ana mhinic. Ní raibh aon mhaith ann chun foghluma agus deireadh sé leis féin. "Ma théiginn féin ar scoil amáireach marbhóchaidh an Máighistir mé i dtaobh mo cheachtanna agus fanfhad sa bhaile agus is fearr aon bualadh amháin i gcóir an dhá choir gan bheith ag fagháil bualadh gach aon lá.
An lá so do bhí socair aige gan dul ar scoil. Do bhí áit deas 'na aigne chun dul ag fiadhach coiníní. Cheap a athair is a mháthair gur ar scoil abhí sé ag dul, mar do thóg sé leis a mhála.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí