Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear 'na chómhnuidhe sa paróiste seo fadó. Fear óg ab'eadh é. Ní raibh sé ach tímpeall aon is fiche bliadhain d'aois. Fear aerach anamamhail dob'eadh é, Micín ab'ainm do.
Ní bheadh aon mhaitheas i rinnce ná i gcluiche cártaí ná in aon spórt eile ná beadh Micín ann. Bhíodh sé amuich gach aon oidhche ag déanamh spóirt éigin. An oidhche seo bhí sé ag teacht abhaile trí bóthar uaigneac.
Bhí sé déanach san oidhche. Do chasadh ceathrar fear uime agus iad ag iompar cómhrainn eatorra.
Nuair a thánadar suas cuige do leigeadar síos an cómhrainn agus dubhradar le Micín é a bhreith go dtí an Roilig gan moill agus é a chur.
Do chuir sé an cómhrainn in áirde ar a dhrom agus do chomáin sé leis. Nuair abhí sé cortha do leig sé an cómhrainn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Uí Luasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí