Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)istigh é go dtí go raibh sé dearg.
Nuair a bhí sé go maith dearg agus spréacharnaigh ag teacht amach as bhí sé chomh dearg san.
Do bhí an sean-iarlais istigh sa leabaidh síos sa seomra ag féachaint ar feadh na haimsire. Do thóg sé an sluasad amach as an tine.
Do rith sé síos sa seomra 'na raibh an sean-iarlais ach do bhí sí sin rímhear dhó. Do léim sí amach as an leabaidh agus amach an doras agus an fear leis an sluasad dearg. Do bhí cnoc ar an taobh thiar den tigh agus suas annsan a chuaidh an sean-iarlais agus an fear 'na dhiaidh. Sar ar shrois sí barr an chnoic amach d'éirigh leis an buille a thabhairt sa dhrom di.Ní túisge a thug sé an buile dí ná gur imigh sí isteach sa lios. Do chuaidh an fear isteach abhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Uí Luasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí