Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dul a chodhlad cómh mear agus d'féad sí é agus ní raibh sí ró mear mar bhí sí ag crith la h-eagla na bpúcaí ansan agus go deimhin fein do chreid sí ionta as sin amach agus do chreid sí leis nách [?] bheith ag sníomh oidhche Coille.
Nuair a bhí sí imthighthe a codhladh an oidhche sin do dhúisighead í díreach.
Nuair a bhí an chlog ag bualadh a h-aon istoidhche agus 'sé an rud a dhúisig í ná focramh ag teacht isteach doras an tseomra codhlata agus do bhí sí ag crith le h-eagla na bpúcaí airís ach níor [?] sí amach ní raibh pioch ann ach do bhí an dorus osgaoilthe agus do bhí sí tar - éis é do dhúnadh roimh dhul isteach sa leabaidh.
Do rith sí amach airís agus do dhéin sí dorus go mear leis ach má dhein féin d'air sí rud éigin ag rith suas an staighre agus ag osgailt an dorus do léim sí isteach ann agus chuaidh sí a chodladh.