School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dul a chodhlad cómh mear agus d'féad sí é agus ní raibh sí ró mear mar bhí sí ag crith la h-eagla na bpúcaí ansan agus go deimhin fein do chreid sí ionta as sin amach agus do chreid sí leis nách [?] bheith ag sníomh oidhche Coille.
Nuair a bhí sí imthighthe a codhladh an oidhche sin do dhúisighead í díreach.
Nuair a bhí an chlog ag bualadh a h-aon istoidhche agus 'sé an rud a dhúisig í ná focramh ag teacht isteach doras an tseomra codhlata agus do bhí sí ag crith le h-eagla na bpúcaí airís ach níor [?] sí amach ní raibh pioch ann ach do bhí an dorus osgaoilthe agus do bhí sí tar - éis é do dhúnadh roimh dhul isteach sa leabaidh.
Do rith sí amach airís agus do dhéin sí dorus go mear leis ach má dhein féin d'air sí rud éigin ag rith suas an staighre agus ag osgailt an dorus do léim sí isteach ann agus chuaidh sí a chodladh.