Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear 'na chómhnuighe imBaile Mhúirne fadó agus bhí sé ana bhocht. Do bhí sé pósta le bean dar a b'ainm Síle agus ní bhíodh aon teine acu mar do bhíodar ró bhocht chun an mhóin do cheannach agus ní raibh aon talamh in-aon-chor acu féinig.
Ní raibh an tig a bhí acu ró mhaith leis agus do thagadh an sneachta agus an fhearthainn go léir isteach sa tig chúcha. Oidhche amháin do tháinig an fhearthainn isteach sa leabaidh chúcha agus do bhí an bhean ag olagón mar do bhí sí ag crith leis an bfuacht agus bhí sí go léir fluich agus bhí an leabaidh fluich leis.
Nuair a tháinig an mhaidean do bhí sí ag casachtaig agus do bhí sí ana bhreóite ar fad. Níor eirig an bhean in-aon-chor an lá san agus tar-éis trí lá do fuair sí bás. Do bhí an fear bocht [?]ana(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85