Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0641
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Mo chlán chun bliain na taice seo...”
Mo slán chun bliain na taice seo,
Ba maith é mo chulaith éadaig,
Ba bhuaclach mear is do beanaban,
Do bhíos cun bean do bhréagadh,
Do chasadh orm chailín deas,
Go raibh cúpla bó mar spré aice,
Agus d'fhág sí m'intinn marbh mé
Is mo chroiceann geal gan léine.
II
Nuair a ghabhaim -se amach ar maidin,
Agus cím cúgham mo stóirín,
Ceapaim í bheith lúthmhar mear,
Is go h-ana mhaith chun ghnótha,
Ní mar siúd a bhí mo bhean agam,
Ach ag piocadh suas cun cómraic,
Go gcodhlóchadh sí go h-eadartha,
Dá raghad na ba sa mhóna,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85