Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann tímpeall triocha mbliadhain ó shoin agus théigheadh sé ag sgoruidheacht gach oidhche.
Aon oidhche amháin do chuaidh sé ag sgoruidheacht agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chasadh fear árd dubh air. Dubhairt sé leis gan dul abhaile in-aon - chor mar go marbhóchadh a bhean é toisg bheith amuigh chómh déanach.
Chuaidh sé abhaile agus d'fhiafruig a bhean de chad a choimeád amuigh chómh déanach é agus dubhairt sé go rabhadar ag imirt cártaí é féin agus féar a tíghe.
Ansan dubhairt sí leis dá bhfanfadh sé amuigh chómh déanach aon oidhche eile ná leighfeadh sí isteach in-aonchor é. An oidhche na dhiaidh sin do chuaidh sé a sgoruidheacht agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chasadh an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85