Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 255
- XML “Fear an Nirt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus do bhí sé pósta ach ní raibh aon clann aca agus bhídis i gcómhnaidhe ag guidhe chun Dé go mbronnfadh sé mach ortha. Do théigheadh an fear ag obair gach lá. Ag tarrach blocaí móra adhmaid a bhíodh sé.
Fear ana chruaidh dob' eadh an Máighistir abhí air. Do bhí na blocaí adhmaid chómh mór san gur bhriseadar a dhrom. Do bhí a fhios aige ansan go raibh sé chun báis d'fhághail agus do chuaidh sé abhaile. Do bhí greim chómh daingean san aige ar an mbloc adhmaid gur fhan síl de'n crann 'na láimh agus ní féadfadh sé é a thágaint amach as.
Do tharla san am gcéadna go raibh a bhean ag iomchar leinbh. Díreach an lá go rugadh an leanbh do bhí an fear ag fagháil bháis. Do ghlaoidh an fear ar an mnaoí agus d'iarr sé athchuiníghe uirthi agus b'é an rud é ná nuiar a gheobhadh sé bás go mbainfeadh sí an síl as a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68