Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige do fuair sé bás.
Do bhí na daoine go léir ana bhrónach 'na dhiaidh ansan cé gur thaithn an Rígh óg go maith leo. 'Seadh, do bhí an aimsear ag imteacht agus do bhí an Rígh ag fás suas.
Nuair abhí sé fiche bliadhain d'aois dubhairt Seán leis go gcaitfeadh sé é a thabhairt timcheall an Rígh-Teaghlaig go léir agus gach aon áit a thaisbeaint do mar go raibh sé in aois anois agus ar aon-chuma gur cuir a athair mar cumaoín air féin é a dhéanamh an lá a cailleadh é agus gur ceart gach guidhe a iarrfadh duine agus é ag fagháil bháis a dhéanamh.
Do thóg Seán timcheall an phaláis go léir agus do thaisbeáin sé gach aon áit do ach amháin an seomra san.
Do thug an Rígh óg fé ndeara nách raibh sé 'á thógaint isteach san seomra san in-aon-chor é.
Dubhairt sé le Seán é ach dubhairt Seán leis go ndubhairt a athair leis gan dul isteach ann ach b'éigin do Sheán an doras a osgailt do.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí