Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 352

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 352

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 352
  3. XML “An Chlann Chiallmhar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann fadó agus 'sé an áit ina raibh cómhnuidhe air ná I gClárach. Do bhí sé ana aerach.
    Do bhí sé pósta agus do bhí a bhean chómh h-aerach leis féin. Do bhí cúigear clainne aige, beirt inghean agus triúr buachaillí, agus b'iad an cúigear clainn ba chiallmhaire dá raibh ar tír. Do thárla gur pósadh duine de's na cómharsain agus do bhí rinnce aca an oidhche sin agus do bhí an bheirt aca ann.
    Do bhí capall agus cárr aca mar do bhí turas fada ó'na thig féin go dtí tig an rinnce. Nuair a bhíodar ag teacht abhaile do bhí sé a h-aon a clog san oidhche. B'éigin dóibh dul thar leasa ar a shlighe abhaile dhóibh. Do stad na capaill ansan.
    Do theastuigh ó'n gcapall dul isteach sa lios agus do bhí an fear a d'iarraidh é do chomaint amach ach do theip air.
    Do chuaidh an capall isteach san lios,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí