School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 355
- XML “An Sprid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ag baint féir lá agus ar a theacht abhaile dho do bhí sé ag tosnú ar bheith dhorcha. Do bhí cómhgar ag dul ó'n mbóthar go dtí a thig. Nuair abhí sé chun an cómhgar a thógaint do chonaic sé bean ann agus thuig sé nách aon bhean saoghalta abhí ann.
Tháinig eagla air agus chuaidh sé do dtí póirsín abhí ann ach do bhí an bhean ansan leis Tháinig sé thar-n-ais go dtí an cómhgar airís ach bhí sí ann leis. Bhí fearg ar an bhfear agus dubhairt sé 'Fág an áit sin a diabhail'. Níor fhág an Sprid an áit. Bhí speal 'na láimh ag an bhfear agus do bhuail sé an sprid léi. Do thuit an cláirín ar an dealamh agus thóg sé suas airis é, bhí sé ró-mhaith de'n Sprid ach an lámh 'nar thóg sé suas an clairín léi do bhí sé ana thinn agus do chuir sé fios ar an Sagart an lámh do.- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork