Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)
- Suíomh:
- Céim an Fhia, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Leathanach 021
- XML (gan teideal)
- XML “Bruíon Comórtais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear gurb ainm do Donnchadh Ó Cróinín ina chónaí ar Ghoirtín na Coille timpeall míle lastuaidh de bhéal an ghaorthaidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Deineadh é dhaoradh ar an neomat san agus tugadh breith crochta air, ar an láthair sin.- Bhí dá dhream i mBéal átha-'n-Ghaorthaidh a bhíodh i gcómhnaidhe ag smiolagar agus mion-bhruigheanta aca le'na chéile, Muinntir Loingsigh ar an Leacain mBáin agus Muinntir Shuibhne ar Ghoirtín Eoghain. Bhí an dá bhaile seo an-chomhgarach dá chéile. Oidhche amháin tháinigh mac de Mhuinntir Loingsigh isteach go dtí duine do Mhuinntir Shuibhne agus dubhairt leis a rádh le na mhuinntir bheith ullamh i gcomhair seachtmhain an Domhnach a bhí chúca agus go bhfeicfidís ciaca taobh ab fhearr. D'imthigheadar, i rith na seachtmhaine, ag bailiughadh conganta siar Beanntraighe agus ó thuaidh Baile Mhúirne agus ins gach aon bhall gur dhóigh leo go bhfuighidís fear. Chnósuig an sluagh ó gach taobh agus thangadar go Béal átha-'n-Ghaorthaidh. Bhíodar annsan dírighthe amach ag feitheamh le focal chun bualadh. Chuaidh duine de Mhuinntir Shuibhne go Baile Mhúirne cúpla lá roimhe sin agus d'iarr sé congnamh ar Mhac Uí Liatháin. Fuair sé an t-eiteachas go mear ó Mhac Uí Liatháin. Dubhairt Mac Uí Liatháin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort Luachra, Co. Chorcaí