Scoil: Cill Mhuire (B.), Lios Árd-achaidh

Suíomh:
Cill Muire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Domhnall Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhuire (B.), Lios Árd-achaidh
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Scéal - An Seanbhean agus an tAirgead”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé an uaigh agus do tháinig sé abhaile annsan. "Seadh a Sheain" arsan mháthair, "ar dheinis an uaigh." "Do dheineas" arsa Seán. "Tá sé déanta agam." "Ó mhuise a Sheain táim ró-lag. Ni féadfainn siubhal go dtí an reilig." Ní fheadar cad a dhéanfaimíd" ar seisean. Chuaidh Seán go dtí an mághistir. "Seadh a Sheáin" arsan máigistir "ar dheinis an uaig. A' bhfeiceann tú an capall san amuich sa pháirc' arsan mághisitr "Tabhair é sin isteach leat agus cuir an trucail air agus imthigh agus tabhair do mháthair leat chun an reilig. Thug sé an capall isteach agus do chuir sé an trucail air. Chomáin sé abhaile agus do rug a mháthair chun an reilig. Tháinig an máigistir amach [?] an comhgar go dtí an reilig Do chonnac sé an uaigh déanta Bhí crann [?] an uaigh agus chuaidh sé suas air. Ní raibh sé i bhfad ann gur airigh sé a' trucail a' teácht. Tháinig Seán go dtí an geata. Do thóg sé a mháthair amach agus do thug sé isteach chun an uaigh í. D'fhéach sí ar an uaigh. "Ní fheadar a Sheain" ar sise, bhfuil sé fada a dóthain. Is gearr go mbeidh fhios againn é" arsa Seán. Do rug sé ar an sean-bhean agus do chuir sé síos san uaigh í. Do shín sí a cosa amach uaithe. "Tá sé go h-álainn amuich 's amach. Níor fhágais aon lóipín air. Do chuir rud éigin sceon ar an gcapall agus bhí sé an imtheacht. "Rith amach arsan sean-bhean, "tá an capall imthighthe agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ua Muirthile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Chúil Dubh, Co. Chorcaí