Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Leathanach 001
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
I mbaile fearthann Roisín deirtear go bhfuil ciste óir i bhfolach fé thor sgeach geal in-aice uachtarlanna. Bhí na saighdiúirí ag lorg fir ó Droichead na Banndan agus deirtear go raibh crócha óir aige agus nuair a tháinig sé go dtí an t-uachtarlann chaill sé an t-ór. Bhí na saighdiúiri ag lorg an óir annsan faoi an d-tor agus fuaireadar an crócha gan aon ór innti.
Bhí crócha eile ag an bhfear céadna agus chonnaic na daoine an t-ór agus nuair a tháinigh na saighdiúiri aniar adtuaidh air fuair na daoine amach go raibh an t-ór i bhfolach aige i bpáirc inaice na scoile i Roisín.- Bailitheoir
- Mairghreadh Ní Chroínín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Roisín, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Domhnaill Ó Ríordáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Roisín, Co. Chorcaí
- 2.
Tá sgéal eile mar gheall ar feirmeóra a bhí ag tiomáint na mbo amach um thráthnóna agus chonnaic sé crócha óir. Rith sé abhaile chun mála d'fághail agus bhí gliondar in a chroidhe mar cheap sé go mbeadh an mála lán d'ór ag teacht abhaile dó. Nuair a tháinigh sé thar n-ais go dtí an áit bhí an crócha imthighthe agus deirtear go bhfuil sí i bhfolach i gcarraigh in aice na h-áite in a raibh an crócha. Chidthear bean sidhe san áit sin go minic ó shóin. Thuit an rud sin amach timcheall dhá mhíle ó thuaidh de Roisín i mbaile fearthann "Carriganish".- Bailitheoir
- Mairghreadh Ní Chroínín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Roisín, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Domhnaill Ó Ríordáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Roisín, Co. Chorcaí