Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 005](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0342%2FCBES_0342_005.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 005
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar nós baluith cúmhra na mbláth fhanann tar éis na mbláth féin do scathadh ón bpréimh nó do theascadh dá gcosaibh.
Is fírinneach íad fochail file an lae indiu -
"Gach féile nuair thigeann crunnighid na céadta
San teampaillín néata ós cionn an t-Suláin,
A guidhe chun na bhflaitheas is chun Gobnait Naomhtha,
Chun sos agus faoiseamh d'fhagháil ó theinneas a gcnámh.
Is mó tinn, tréighid, as deacair, as peannaid dá ghéire,
As máirtíní laga gan tapa, gan téagar,
D'fhágann a ngalair gan bhladair 'na ndéid ann;
Is rithid le chéile ar fad síos go Sulán." Ach bhí naomh eile ann leis san iarthar. Mhair sé san 6adh aoise agus Laichtín do b'ainm dó. Chuir sé cill mór ar bun i gCloich-Íneach (deireann daoine gurb' íad na draoi a chuir an foirgneamh úd ar bun mar ciorcal atá ann agus goláin mór thímcheall) agus thagadh an-chuid daoine ag tabhairt turasanna ann sa t-sean-aimsir. Do réir úghdair eile, ní raibh aon bhaint ag Laichtín leis an áit ach go raibh a mhartar (relics a bhaineann leis an gcorp) ann. B'é an martar úd ná lámh Laichtín istigh i mála leathair agus clúdach phráis agus airgid i bhfuirm láimh as san. Tá an martar san le feiscint i dTigh na Seód Seanda (Museum) i mBlá' Cliath anois ach tá an t-ainm fós ar an áit - Cill na Mairtire.- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhuachalla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Lios Buí Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Buachalla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lios Buí Mór, Co. Chorcaí