Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 033

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 033

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 033
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cill-na-Martra anois air. Tig fada caol a bhí ann acht fairíor ní raibh slinn le fhághail, agus dá bhrígh sin ní raibh air acht na taobháin agus an ceann tuighe agus fraoigh, acht bhí mhaitheas amháín déanta bhí an séipéal ar lár na paróiste agus breis saoráide ag na daoine ná raibh aca roimhe sin. Cun breis cómhangair a thabhairt do gach éinne do deineadh dhá leath nó roinnt ar an bparóiste agus do deineadh paróiste fé leith do Bhaile Mhúirne, acht an t-éinnidhe amháin, gurbh' é sagart paróiste Cill-na-Martra sagart paróiste Baile Mhúirne chómh maith. Fé cheann scaithimh aimsir d'éileamh muinntir Baile Mhúirne sagart paroiste dóibh féín agus tar-éis mórán cur - is cúiteamh do ghéill an tEasbog dóibh, Dá bhrígh sin do luigheaduigheadh paróiste Cill-na-Martra agus tá an sgéul amhlaidh ó soin. Roimis an ndeighilt seo nuair a thaghadh lá patrún Naomh Lachtín sa Mheitheamh bíodh rásanna agus greann agus sgléip aca i gCill-na-Martra, díreach mar a bhiodh an Cínngcís i mBaile Mhúirne mar bhíodh cnosac iongantach daoine ann. Do bhíodh ólachán mór dá dhéanamh ann gach lá patrún agus mar is gnáthac do bhíodh na bruigheannta agus an aragóint ann leis, nuair ná raibh an sagart na chómnuidhe sa treó ní raibh eólus aige ar na droch bhéasaibh seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peg Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caol Fuinseann, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Mhurchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí