Scoil: Barrlinn

Suíomh:
Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Máire Ní Chruadhlaoich
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Barrlinn
  2. XML Leathanach 007
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Lá dá raibh Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach mar ba ghnáth, i lár an lae do dhorcaig an lá mar an oidhche i dtreó na feicimís gadhar, cú ná seabhach.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sé rud a d'fháistinig an seanndraoi annsan na go mbeadh an cailín ana dhathamhail ar fad agus nuair a phósfadh sí, go mbéarfadh sí mac "ná géillfeadh don domhan", bheadh sé cómh cómhachtach san. "Acht", arsan seandraoi "sé cead rud a dheanfaidh sé, nuair a bheidh sé 'na fhear ná an ceann do bhaint díot-sa."
    "Marbhóchad an leanb anois díreach" arsan righ.
    "Ba mhór an náire é sin" arsan seandraoi "leigh an obair sin do duine éigin eile. Tá do dhóthain draoidheachta agat, agus nuair a béidh sí 'na h-ainnir, cuir an draoidheacht uirthi, i dtreo go bhfeacfaidh sé cómh gránda san, nách mbacfaidh aon fhear léi Annsan cuir go h-Éirinn í. Tá gaisgisig thall annsan - na Fianna. Cuirfidh siad-san deireadh léi. Ní bíonn aon mheas ar mnáibh gránda thall annsan."
    Do ghlac an ri cómhairle an seandraoí agus nuair a bhí a inghean 'na h-ainnir chuir sé draoidheacht uirthi agus bhí sí cómh gránda san na féacfadh aon fhear uirthi an tarna uair.
    Sin é an fios do fuair Fionn nuair a chogain sé a órdóg. Bhí sé ar buille leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Coitir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí