School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrlinn
- XML Page 007
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Lá dá raibh Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach mar ba ghnáth, i lár an lae do dhorcaig an lá mar an oidhche i dtreó na feicimís gadhar, cú ná seabhach.”
(continued from previous page)Sé rud a d'fháistinig an seanndraoi annsan na go mbeadh an cailín ana dhathamhail ar fad agus nuair a phósfadh sí, go mbéarfadh sí mac "ná géillfeadh don domhan", bheadh sé cómh cómhachtach san. "Acht", arsan seandraoi "sé cead rud a dheanfaidh sé, nuair a bheidh sé 'na fhear ná an ceann do bhaint díot-sa."
"Marbhóchad an leanb anois díreach" arsan righ.
"Ba mhór an náire é sin" arsan seandraoi "leigh an obair sin do duine éigin eile. Tá do dhóthain draoidheachta agat, agus nuair a béidh sí 'na h-ainnir, cuir an draoidheacht uirthi, i dtreo go bhfeacfaidh sé cómh gránda san, nách mbacfaidh aon fhear léi Annsan cuir go h-Éirinn í. Tá gaisgisig thall annsan - na Fianna. Cuirfidh siad-san deireadh léi. Ní bíonn aon mheas ar mnáibh gránda thall annsan."
Do ghlac an ri cómhairle an seandraoí agus nuair a bhí a inghean 'na h-ainnir chuir sé draoidheacht uirthi agus bhí sí cómh gránda san na féacfadh aon fhear uirthi an tarna uair.
Sin é an fios do fuair Fionn nuair a chogain sé a órdóg. Bhí sé ar buille leis(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Derrynafinchin, Co. Cork